
Éilís Ní Dhuibhne, Lilis Ó Laoire agus Rionach uí Ógáin
2025
Cló Iar-Chonnacht
Sa chnuasach seo cuireann dhá údar is fiche éagsúlacht scolártha i láthair. Tugadh na haistí le chéile mar aitheantas do Phádraig Ó Héalaí, béaloideasóir, agus dá shaothar éachtach léinn. Chuaigh Pádraig i ngleic le hiliomad gnéithe den bhéaloideas, den litríocht agus den teanga in imeacht leathchéad bliain. Dá réir sin, déantar cíoradh anseo ar réimse leathan ábhar, ina measc, an creideamh pobail, an scéalaíocht, banscéalaithe Chorca Dhuibhne, an naomhsheanchas agus an réaltóireacht. Tá anseo, leis, beochaoineadh a rinne bean óg don fhear nár phós sí, caointe éagsúla eile ar Bhrianaigh an Chláir, chomh maith le heolas nua ar Eachtra Mhac na Michombairle. Pléitear an obair pháirce sa bhéaloideas freisin mar aon le gné na teanga den seanchas agus an bhéim a leag idir bhailitheoiri agus seanchaithe uirthi. Bolg soláthair é an leabhar gan bhréig gan áibhéil a chuirfidh lón saibhir machnaimh ar fáil dá chuid léitheoirí.