Dingle Bookshop is now selling online!



Beatha Pheig Sayers

Regular price €15.00

Tax included. Shipping calculated at checkout.

Foilsíodh an chéad eagrán den leabhar dírbheathaisnéise Beatha Pheig Sayers sa bhliain 1970 cé gur sna daichidí den 20ú haois a bhreac mac Pheig Sayers, an file Mícheál Ó Gaoithín, síos ar dtúis é óna mháthair. Forlíonadh leis an leabhar 'Peig: A Scéal Féin' (1936) atá san 'Beatha' ina gcuirtear síos ar chúrsaí Pheig, an scéalaí iontach, ó dheireadh na tréimhse a chaith sí ina cailín aimsire tamall siar ó Dhaingean Uí Chúise go hInid na bliana 1892 nuair a phós sí isteach san Oileán Tiar in iarthar Chorca Dhuibhne. Cé gur cleamhnas a bhí idir Pheig agus an t-oileánach, Pádraig Ó Gaoithín, cuireann an 'Bheatha' síos ar a ngrá a thug sí dó tamall maith roimh phósadh dóibh. Tá eolas tábhachtach sa leabhar seo chomh maith ar mhuintir agus ar chomharsain Pheig i mBaile Bhiocáire i nDún Chaoin agus ar shaol na ngnáthdhaoine agus dearcadh mná géarchúisí air in iarthar Chiarraí i ndeireadh na naoú haoise déag agus an t-iomlán scríofa i nGaeilge atá cruinn, líofa, simplí. 

Thug Liam P. Ó Murchú formhór daichead bliain ina léáchtóir le Gaeilge in Ollscoil Chorcaí. Tá an chéim DlittCelt propter opera edita ó Ollscoil na hÉireann aige. 

 

 

Liam P. Ó Murchú

 

An Sagart   2019